18 Nár náirítear mé, a Thiarna, toisc go nglaoim ort;go gcuirtear náire ar na hurchóidigh.Go gcuirtear ina dtost san uaigh iad;
19 go mbalbhaítear a mbéal bréagach,a bhíonn ag cáineadh an fhíréin go sotalachle teann uabhair is tarcaisne.
20 Nach lánmhar an mhaitheas atá i dtaisce agatdon dream lenarb eagal tú,a thugann tú don mhuintir a thriallann orti bhfianaise na hÁdhamchlainne.
21 Folaíonn tú iad i do láthairseó chúlghearradh daoine.Coimeádann tú slán i do bhoth iadó chlampar teangacha.
22 Moladh leis an Tiarna a nocht dommóriontas a ghrái gcathair dhaingean.
23 Dúirt mé tráth agus scaoll orm:“Díbríodh as do radharc mé.”Ach d'éist tú le glór mo ghuínuair a ghlaoigh mé ort.
24 Tugaigí grá don Tiarna, a naomha uile;caomhnaíonn sé na dílsigh.Ach díolann sé an comhar go hiomlánle lucht an díomais.