6 Do do láimhse a thiomnaím m'anam,óir is tú a cheannaigh mé a Thiarna.
7 A Dhia na fírinne, is fuath leatlucht adhartha íol gan éifeacht,ach cuirimse mo dhóchas sa Tiarna.
8 Déanfaidh mé áthas agus gairdeas faoi do bhuanghráóir chuir tú spéis i m'anacairagus chuidigh tú le m'anam ina chúngaigh.
9 Níor thug tú suas do mo namhaid mé,ach thug tú cead mo chos dom go fada fairsing.
10 Bíodh trócaire agat orm, a Thiarna,óir tá mé i gcúngach.Tá mo shúil arna dubhadh le tuirse:agus m'anam is mo chroí.
11 Tá mo bheatha á snoí le brónagus mo bhlianta le hosnaíl.Táim ar díth mo nirt le buaireamh;tá mo chnámha á gcnaí.
12 Rinne ábhar aithise díomdo mo naimhde go léir.Tugann mo chomharsana i dtáir is i dtarcaisne mé:is cúis uamhain mé do mo chairde.An dream a chastar sa tsráid orm,teitheann siad uaim.