21 Ní aisíocann an t‑éagráifeach a iasacht,ach tugann an fíréan uaidh go flaithiúil.
22 Beidh an talamh ag lucht beannaithe an Tiarna,ach dísceofar an dream a mhallaigh sé.
23 Stiúrann an Tiarna coiscéimeanna an duineagus déanann slí an té is geal leis sábháilte.
24 Má thuislíonn sé ní leagfar ar lár é,ós é an Tiarna é féin a thaca.
25 Bhí mé óg, agus anois tá mé aosta,ach ní fhaca mé riamh an fíréan á thréigeanná a shliocht ag iarraidh a gcoda.
26 Bíonn sé fial i gcónaí; tugann sé iasacht uaidh,agus beannófar a shliocht dá éis.
27 Seachain an t‑olc, déan an mhaithagus mairfidh tú go buan mar a bhfuil tú.