27 Seachain an t‑olc, déan an mhaithagus mairfidh tú go buan mar a bhfuil tú.
28 Óir is geal leis an Tiarna an fhíréantachtagus ní thréigfidh sé a dhílseoirí go deo.Déanfar lucht na héagóra a dhíothúagus sliocht na n‑urchóideach a scriosadh.
29 Tiocfaidh na fíréin in oidhreacht an talaimhagus mairfidh siad ann go brách.
30 Bíonn béal an fhíréin ag labhairt eagnaagus canann a theanga an ceart;
31 bíonn dlí a Dhé ina chroí,ní bhíonn a chosa ag imeacht uaidh.
32 Bíonn an t‑urchóideach ag faire an fhíréinagus fonn a mharaithe air.
33 Ní fhágfaidh an Tiarna faoina smacht é,ná ní dhaorfaidh é nuair a thabharfaidh sé breith air.