29 Tiocfaidh na fíréin in oidhreacht an talaimhagus mairfidh siad ann go brách.
30 Bíonn béal an fhíréin ag labhairt eagnaagus canann a theanga an ceart;
31 bíonn dlí a Dhé ina chroí,ní bhíonn a chosa ag imeacht uaidh.
32 Bíonn an t‑urchóideach ag faire an fhíréinagus fonn a mharaithe air.
33 Ní fhágfaidh an Tiarna faoina smacht é,ná ní dhaorfaidh é nuair a thabharfaidh sé breith air.
34 Fan leis an Tiarna; bí dílis dóagus tabharfaidh sé ardú céime duit,go mbronnfaidh ort seilbh na talún;agus feicfidh tú díothú na n‑urchóideach.
35 Chonaic mé an t‑urchóideach go huaibhreachina sheasamh amhail céadras na Liobáine.