3 Cuir do dhóchas sa Tiarna agus déan an mhaith,agus mairfidh tú sa tír go sábháilte.
4 Má thugann tú taitneamh don Tiarnatabharfaidh seisean duit mian do chroí.
5 Taobhaigh do shlí leis an Tiarna;cuir do dhóchas ann agus déanfaidh sé beart
6 i dtreo go n‑éireoidh d'fhíréantacht mar sholasagus d'ionracas mar ghrian an mheán lae.
7 Glac suaimhneas sa Tiarna agus foighnigh leis:ná bíodh ceist ort faoin té ar a mbíonn an séan,ná faoin duine a chleachtann an choirpeacht
8 Cuir uait an fraoch agus an fíoch;ná bí i bhfeirg, óir ní thiocfaidh di ach dochar;
9 Óir dísceofar lucht déanta an oilcagus gheobhaidh lucht na foighne an talamh.