7 Glac suaimhneas sa Tiarna agus foighnigh leis:ná bíodh ceist ort faoin té ar a mbíonn an séan,ná faoin duine a chleachtann an choirpeacht
8 Cuir uait an fraoch agus an fíoch;ná bí i bhfeirg, óir ní thiocfaidh di ach dochar;
9 Óir dísceofar lucht déanta an oilcagus gheobhaidh lucht na foighne an talamh.
10 Ní fada go mbeidh deireadh leis an drochdhuineFéach a ionad! ní ann dó feasta.
11 Ach beidh seilbh an talaimh ag na híslebeidh a n‑aoibhneas i lánmhaireacht an tsuaimhnis.
12 Beartaíonn an t‑urchóideach in aghaidh an fhíréin:baineann díoscán as a fhiacla ina choinne.
13 Ach gáireann an Tiarna go fonóideach faoi,óir is eol dó go bhfuil a lá tar éis teacht.