8 Cuir uait an fraoch agus an fíoch;ná bí i bhfeirg, óir ní thiocfaidh di ach dochar;
9 Óir dísceofar lucht déanta an oilcagus gheobhaidh lucht na foighne an talamh.
10 Ní fada go mbeidh deireadh leis an drochdhuineFéach a ionad! ní ann dó feasta.
11 Ach beidh seilbh an talaimh ag na híslebeidh a n‑aoibhneas i lánmhaireacht an tsuaimhnis.
12 Beartaíonn an t‑urchóideach in aghaidh an fhíréin:baineann díoscán as a fhiacla ina choinne.
13 Ach gáireann an Tiarna go fonóideach faoi,óir is eol dó go bhfuil a lá tar éis teacht.
14 Tarraingíonn na héagráifigh an claíomh; 14b teannann siad an bogha a threascairt an duine ionraic. 14c a threascairt lucht an ghátair agus na mbocht.