1 Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví.
2 Is méanar don té ar cúram leis an dealbh is an daibhir;saorfaidh an Tiarna é in am na buartha.
3 Coimeádfaidh sé beo é, tabharfaidh sé séan dó ar talamhagus ní thabharfaidh sé suas é do thoil a eascairde.
4 Tabharfaidh sé neart dó ar leaba a thinnisagus déanfaidh a leigheas le linn a bhreoiteachta.
5 Is é a dúirt mise: “Déan trócaire orm, a Thiarna,slánaigh m'anam de bhrí gur pheacaíos ort.”
6 Labhraíonn mo naimhde fúm le mírún is mioscais:“Cathain a éagfaidh sé go ndearmadfar a ainm?”