5 Is é a dúirt mise: “Déan trócaire orm, a Thiarna,slánaigh m'anam de bhrí gur pheacaíos ort.”
6 Labhraíonn mo naimhde fúm le mírún is mioscais:“Cathain a éagfaidh sé go ndearmadfar a ainm?”
7 Tagann siad do m'fhéachaint le caradas bréige;scaipeann siad a mbréaga fúm amuigh le caint mhailíseach.
8 Bíonn m'aos fuatha ag cogarnach le chéile i m'éadan;bíonn siad ag machnamh ina gcroí ar an tubaiste a bhain dom.
9 “Tháinig galar gáifeach air,” a deir siad le chéile,“an té a chuaigh a luí ní éireoidh sé choíche.”
10 Fiú amháin mo chara cléibh as a mbíodh mo mhuinínagus a d'itheadh mo chuid aráin, nár iompaigh sé i m'éadan!
11 Ach tusa, a Thiarna, bíodh trua agat dom;déan mo thógáil arís go ndíolfaidh mé an comhar leo.