5 Is uaidh a fuaireamar ár n‑oidhreacht;oidhreacht Iacóib dá dtugann sé grá.
6 Gabhann Dia in airde le gártha molta;gabhann sé in airde le séideadh an stoic.
7 Seinntear ceol dár nDia, seinntear ceol dó;seinntear ceol dár Rí, seinntear ceol dó!
8 Is é Dia rí na cruinne go léir;seinnigí agus canaigí go hoilte dó!
9 Tá Dia ina rí ar na náisiúin;tá sé ina shuí ar a ríchathaoir naofa.
10 Cruinníonn taoisigh na gciníocha i gceann a chéile;i bhfochair phobal Dhia Abrahám.Óir is le Dia lucht rialaithe na cruinne;is aige atá an chumhacht go hiomlán.