1 Do stiúrthóir an chóir. Le gaothuirlisí. Salm le Dáiví.
2 Tabhair cluas do mo bhriathar, a Thiarna,agus éist le m'osna.
3 Claon chun glór mo ghuí,a Rí liom is a Dhia!
4 Óir is chugatsa a chuirim m'urnaí, a Thiarna;éisteann tú liom ar maidin.Ag faire is ag feitheamh dom ar maidin,cuirim chugat mo ghuí.
5 Ní Dia tú lenarb áil an urchóid:ní mhaireann an t‑olc leat.