10 Lig dom an gairdeas agus an t‑áthas a chloisteáil,agus beidh lúcháir ar na cnámha a bhrúigh tú.
11 Iompaigh do ghnúis ó mo pheacaíagus cealaigh mo chionta go léir.
12 Cruthaigh ionam croí glan, a Dhia,agus cruthaigh spiorad daingean as an nua ionam.
13 Ná díbir amach as do radharc méagus ná beir do naomhspiorad uaim.
14 Tabhair ar ais dom áthas do shlánaitheagus tabhair spiorad na díograise mar thaca dom.
15 Múinfidh mé do shlite do lucht na hurchóideagus fillfidh na peacaigh ar ais chugat.
16 Saor mé ó choir na fola,a Dhia, a Dhia mo shlánaitheoir,agus mórfaidh mé le mo theanga do cheartas.