13 Ná díbir amach as do radharc méagus ná beir do naomhspiorad uaim.
14 Tabhair ar ais dom áthas do shlánaitheagus tabhair spiorad na díograise mar thaca dom.
15 Múinfidh mé do shlite do lucht na hurchóideagus fillfidh na peacaigh ar ais chugat.
16 Saor mé ó choir na fola,a Dhia, a Dhia mo shlánaitheoir,agus mórfaidh mé le mo theanga do cheartas.
17 A Thiarna, oscail mo bheola,agus fógróidh mo bhéal do mholadh.
18 Óir ní bhfaigheann tú taitneamh in íobairtagus an loiscíobairt a dhéanfainn ní ghlacfá.
19 M'íobairtse, a Dhia, an croí aithríoch;ní eiteoidh tú, a Dhia, croí brúite uiríseal.