3 Déan trócaire orm, a Dhia, de réir do bhuanghrá:cealaigh mo choir as iomad do thrua.
4 Nigh go huile mé ó mo chion,agus déan mo pheaca a ghlanadh díom.
5 Óir aithním mo chionta go maithagus tá mo pheaca os mo chomhair i gcónaí.
6 Is ortsa amháin a pheacaigh mé;an ní is olc i do láthair a rinne mé.Ionas go mba léir gur ceart é do bhreithagus go dtugann tú breithiúnas gan locht.
7 Ach féach gur rugadh faoi chion méagus gur gineadh i mbroinn mo mháthar faoi pheaca mé.
8 Féach, is geal leat an croí dílis,agus i mo lár istigh múineann tú eagna dom.
9 Croith orm hiosóip agus glanfar mé;nigh mé agus is gile mé ná an sneachta.