2 nuair a tháinig Doéig an tEadómach chuig Sól á rá leis: “Chuaigh Dáiví isteach i dteach Aichímeilic.”
3 Cad chuige duit bheith ag maíomh as do mhioscais,a ghaiscígh na hurchóide?
4 Déanann tú uisce faoi thalamh feadh an lae,agus faobhar ar do theanga mar rásúr géar,a chealgaire ghlic.
5 Is ansa leat an t‑olc ná an mhaitheas,an t‑éitheach ná an fhírinne.
6 Is áil leat an uile chaint dhíobhálach,a theanga na camastaíola.
7 Uime sin déanfaidh Dia do scriosadhagus do mhilleadh go deo.Sracfaidh sé as do bhoth amach thúagus bainfidh sé amach ó fhréamh thúas talamh na mbeo.
8 Feicfidh na fíréin is beidh eagla orthu;beidh siad ag gáire faoi, á rá: