1 Do stiúrthóir an chóir. Ar théada ceoil. Mascil Dháiví
2 nuair a tháinig muintir Zíf ag triall ar Shól á rá leis: “Féach, tá Dáiví i bhfolach inár measc.”
3 Slánaigh mé a Dhia, le d'ainm;déan mo chúis a agairt le do neart.
4 Éist, a Dhia, le m'urnaí,tabhair cluas do bhriathra mo bhéil.
5 Óir d'éirigh lucht an díomais amach i m'éadan,agus tá daoine gan trua ar thóir m'anama;níl aird dá laghad acu ar Dhia. Selah
6 Féach! tá Dia ag teacht i gcabhair orm;tá an Tiarna ag coinneáil an dé ionam.