1 Do siúrthóir an chóir. Ar théada ceoil. Mascil Dháiví.
2 Tabhair cluas do m'urnaí, a Dhia:ná téigh i bhfolach ó m'achainí.
3 Tabhair aire dom agus éist le mo ghuí,óir tá mé cloíte ag an mbuairt.
4 Táim ar crith de bharr gártha an namhadagus ansmacht na n‑urchóideach;óir tarraingíonn siad an t‑olc anuas orm;bíonn siad do mo chiapadh le neart a bhfeirge.
5 Tá mo chroí arna chloí ionam istigh:titeann eagla an bháis orm.