12 Tá an peaca ina lár.Ní scarann an foréigean ná an fealllena sráideanna choíche.
13 Dá mba namhaid é an té a thug aithis domd'fhéadfainn cur suas leis.Dá mba eascara a d'éirigh i m'éadanrachainn i bhfolach uaidh.
14 Ach tusa! mo dhlúthchara féin is mo chaomhchompánacha rinne an ní seo!
15 Ba chairde cléibh sinn a shiúil in éineacht in áras Dé.
16 Go gcastar an bás go tobann orthu;go dté siad beo san uaigh síos.Óir cónaíonn an urchóid ina n‑áraisagus i gceartlár a gcroí.
17 Ach glaofaidh mise ar Dhiaagus saorfaidh an Tiarna mé.
18 Ar maidin, meán lae, is tráthnóna 18b beidh mé ag caí is ag caoineadh. 18c ach cluinfidh Dia mo ghlór.