18 Ar maidin, meán lae, is tráthnóna 18b beidh mé ag caí is ag caoineadh. 18c ach cluinfidh Dia mo ghlór.
19 Fuasclóidh sé m'anam go sítheachón gcath seo a chuirim -óir is iomaí sin duine a throideann liom -
20 Éistfidh sé liom agus cloífidh iad;(tá sé ann ón tsíoraíocht),óir ní théann siad i bhfeabhas ar aon chor,ná ní eagal leo Dia. Selah
21 Síneann gach aon neach a lámh in aghaidh a chairde;briseann sé a chonradh.
22 Is sleamhaine a bhriathra ná im,ach tá cogadh ina chroí.Is boige a bhriathra ná ola,ach is claímhte arna nochtadh iad.
23 Caith do chúram ar an Tiarnaagus déanfaidh sé taca duit;ní leomhfaidh sé go mbainfear barrthuisleas an bhfíréan go brách.
24 Ach seolfaidh tusa síos iad, a Thiarna,go poll an bháis;ní bhfaighidh lucht fola agus fillach leath a laethanta.Is ort atá mo sheasamh, a Thiarna.