4 Táim ar crith de bharr gártha an namhadagus ansmacht na n‑urchóideach;óir tarraingíonn siad an t‑olc anuas orm;bíonn siad do mo chiapadh le neart a bhfeirge.
5 Tá mo chroí arna chloí ionam istigh:titeann eagla an bháis orm.
6 Tagann sceimhle is scanradh orm anuas,tá mé i mo stalc ag an uamhan.
7 “Mo thrua,” a deirim, “gan sciatháin an choilm agam;d'eitleoinn liom faoi shuaimhneas.”
8 Is amhlaidh a rachainn in imigéingo ndéanfainn cónaí san fhásach.
9 Theithfinn gan mhoill ar lorg fothanaón stoirm is ón spéirling;
10 ó anfa clúmhillteach mo namhad,ó thonn tuile a dteangacha.Óir ní fheicimse aon ní sa chathairach imreas is éigean;