8 Is amhlaidh a rachainn in imigéingo ndéanfainn cónaí san fhásach.
9 Theithfinn gan mhoill ar lorg fothanaón stoirm is ón spéirling;
10 ó anfa clúmhillteach mo namhad,ó thonn tuile a dteangacha.Óir ní fheicimse aon ní sa chathairach imreas is éigean;
11 siúlann siad ballaí na cathrachde lá agus d'oíche.Is lán í d'olc agus d'urchóid;
12 Tá an peaca ina lár.Ní scarann an foréigean ná an fealllena sráideanna choíche.
13 Dá mba namhaid é an té a thug aithis domd'fhéadfainn cur suas leis.Dá mba eascara a d'éirigh i m'éadanrachainn i bhfolach uaidh.
14 Ach tusa! mo dhlúthchara féin is mo chaomhchompánacha rinne an ní seo!