1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Ná scrios”. Mictam Dháiví nuair a theith sé isteach san uaimh ó Shól.
2 Bíodh trua agat dom, a Dhia, bíodh trua agatóir is ort atá tarraingt m'anama.Ar scáth do sciathán atá mo thriallnó go dtéann an anachain seo tharam.
3 Glaoim ar Dhia, an Neach is Airde:ar Dhia a chabhraíonn liom de shíor.
4 Go gcuire sé cabhair chugam ó neamh do mo shaoradh;go dtuga sé náire do lucht mo thóraíochta,go gcuire Dia chugam a bhuanghrá agus a dhílse.
5 Tá m'anam ina luí i measc leona d'alpfadh an Ádhamhchlann ina gcraos.Is sleánna agus saigheada a bhfiacla,is cosúil a dteanga le géarchlaíomh.
6 Éirigh in airde, a Dhia, os cionn na bhflaitheas;bíodh do ghlóir os cionn an domhain go léir!