1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Ná Scrios”. Mictam Dháiví.
2 An í an fhíréantacht a fhógraíonn sibh a lucht na cumhachta?an é an ceartbhreithiúnas a thugann sibh ar chlann na ndaoine?
3 Ní hé; óir beartaíonn sibh éagóir in bhur gcroítheagus is amhlaidh a imríonn sibh an lámh láidir ar talamh.
4 Chuaigh na hurchóidigh ar seachrán fiú amháin ó bhroinn a máthar;lucht éithigh ar an bhfán iad ón uair a saolaíodh iad.