6 d'eagla go gcluinfeadh sí glór an mhealltóranó glór an draíodóra ag imirt a chuid draíochta.
7 Déan a bhfiacla a bhriseadh ina mbéal, a Dhia;stoith amach cúilfhiacla na leon, a Thiarna.
8 Go gceiliúra siad amhail uisce a shníonn le fána,go bhfeo siad amhail féar nuair a bhuailtear cos air.
9 Go leá siad amhail seilide a ndéantar sláthach de,amhail toircheas anabaí nach bhfaca riamh an ghrian.
10 Sula dtéitear bhur gcorcáin le teas na ndriseogsciobfar chun siúil iad, idir ghlas agus chríon.
11 Beidh ríméad ar an bhfíréan nuair a fheicfidh sé an díoltasagus nífidh sé a chosa i bhfuil na n‑urchóideach.
12 Déarfar: “Dar go deimhin gheobhaidh an fíréan luach saothair;tá Dia ann go dearfa a thugann breithiúnas ar talamh.”