1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Ná scrios”. Mictam Dháivi nuair a chuir Sól fir uaidh a dhéanamh faire ar a theach d'fhonn é a mharú.
2 Fuascail mé ó mo naimhde, a Dhia,cosain mé ar a n‑éiríonn i m'éadan.
3 Fuascail mé ó lucht déanta na hurchóideagus saor mé ó lucht doirte fola.
4 Féach! téann siad in oirchill ar m'anam;déanann na cumhachtaigh cogar ceilge i mo choinne;gan choir gan chion uaimse, a Thiarna,
5 tugann siad sciuird fúm gan peaca de mo thaobhsa.Bí i do dhúiseacht! tar i gcabhair orm agus féach leat!