13 In éiric pheacaí a mbéal is a mbruas,i gcúiteamh a mallachtaí is a mbréaggo mbeirtear orthu ina n‑uabhar.
14 Scrios iad le corp feirge, a Thiarna,scrios iad nó go rachaidh siad ar ceal.Bíodh a fhios acu go bhfuil Dia i réimar Iacób agus ar chríocha na cruinne. Selah
15 Filleann siad gach tráthnona ar nós madraíag sceamhaíl agus ag triall timpeall na cathrach;
16 gabhann siad anonn is anall ar thóir bia,ag drannaíl dóibh mura bhfaigheann siad a sáith.
17 Comórfaidh mise do chumhacht le cantaireachtagus gairdeoidh mé i do bhuanghrá le breacadh lae;óir ráinig tú i do dhaingean agamsaagus i do dhídean dom ar uair na hanacra.
18 Mo neart thú! is duitse a chanfaidh mé,óir is tú, a Thiarna, mo dhaingean,an Dia a thálann a bhuanghrá orm.