2 Fuascail mé ó mo naimhde, a Dhia,cosain mé ar a n‑éiríonn i m'éadan.
3 Fuascail mé ó lucht déanta na hurchóideagus saor mé ó lucht doirte fola.
4 Féach! téann siad in oirchill ar m'anam;déanann na cumhachtaigh cogar ceilge i mo choinne;gan choir gan chion uaimse, a Thiarna,
5 tugann siad sciuird fúm gan peaca de mo thaobhsa.Bí i do dhúiseacht! tar i gcabhair orm agus féach leat!
6 Dia Iosrael thú, agus Tiarna na Slua.Éirigh agus smachtaigh na ciníocha,ná bíodh trua agat do lucht fill agus comhcheilge. Selah
7 Filleann siad gach tráthnóna ar nós madraíag sceamhaíl agus ag triall timpeall na cathrach.
8 drannaíonn siad lena mbéal agus scaimh orthu,agus iad ag fiafraí dá chéile: “Cé a chluinfidh sinn?”