1 Do stiúrthóir an chóir. Ar théada ceoil. [Salm] le Dáiví.
2 Éist le mo ghlao, a Dhia;tabhair cluas do m'urnaí!
3 Glaoim ort ó chríocha na cruinnenuair a chliseann mo chroí.Ar charraig nach bhfuil breith agam uirthi,cuir mé in airde, a Dhia,
4 Óir is tú mo dhún is mo dhaingeanin aghaidh an namhad.
5 Mo thrua gan mé i mo chónaí i do phuballgo brách na breithe,chun go bhfaighe mé díon agus dídeanfaoi scáth do sciathán. Selah