3 Glaoim ort ó chríocha na cruinnenuair a chliseann mo chroí.Ar charraig nach bhfuil breith agam uirthi,cuir mé in airde, a Dhia,
4 Óir is tú mo dhún is mo dhaingeanin aghaidh an namhad.
5 Mo thrua gan mé i mo chónaí i do phuballgo brách na breithe,chun go bhfaighe mé díon agus dídeanfaoi scáth do sciathán. Selah
6 Óir d'éist tú le mo mhóideanna, a Dhia;thug tú dom oidhreacht an dreamaarb eagal leo d'ainm.
7 Cuir fad le saol an rí;go maire sé choíche!
8 Go raibh a réim go brách na breithei bhfianaise Dé.Cuir trócaire ghrámhar agus dílseuait amach, á chaomhnú,
9 agus molfaidh mé d'ainm go brách;díolfaidh mé mo mhóideanna gach aon lá.