3 Chun go n‑aithneofaí do shlí ar talamhagus do shlánú i measc na náisiún go léir.
4 Go mola na ciníocha thú, a Dhia;go mola na ciníocha go léir thú.
5 Go ndéana na náisiúin lúcháir agus gairdeastoisc go rialaíonn tú an domhan le fíréantacht,[Rialaíonn tú na ciníocha le cothromas];treoraíonn tú na náisiúin ar talamh. Selah
6 Go mola na ciníocha thú, a Dhia;go mola na ciníocha go léir thú.
7 Thug an talamh a thoradh uaidh go flúirseach;agus chuir Dia, ár nDia, a bheannacht orainn.
8 Go mbeannaí ár nDia i gcónaí sinnagus gurab eagal le críocha na cruinne é!