12 Féach! sin é dála na bpeacach;téann siad i saibhreas agus iad ar a sástacht.
13 Nach díomhaoin dom mo chroí a bheith glan agamagus mo lámha a ní san ionracas,
14 agus mé bheith do mo chrá ar feadh an laeagus do mo smachtú gach aon ré solais!
15 Dá ndéarfainn: “Labhróidh mé mar iad siúd,”bheinn ag tréigean dúchas do chlainne.
16 Rinne mé machnamh d'fhonn go dtuigfinn an ní seo,ach chuaigh sé thar m'acmhainn a dhéanamh,
17 nó go ndeachaigh mé i sanctóir Déis gur thugas do m'aire a gcríoch dhéanach.
18 Chuir tú i slí shleamhain iad go dearfaagus thug orthu titim chun a n‑aimhleasa.