3 Óir bhíos ag éad le lucht éirí in airde,ag faire dom ar shéan na n‑éagráifeach.
4 Ní bhíonn siad siúd á gcrá ná á gciapadh;is slán a gcorp agus is sleamhain.
5 Níl páirt acu in anacraí na so-mharaithená ní dhéantar a sciúrsáil mar dhaoine eile.
6 Uime sin, is é an t‑uabhar a muince,agus folaíonn an foréigean iad amhail éadach.
7 Bíonn a gcroí ag cur thar maoil le mioscais;brúchtann smaointe a n‑intinne amach.
8 Bíonn siad ag fonóid is ag labhairt go mailíseachagus beartaíonn siad an t‑ansmacht go huaibhreach.
9 Tugann siad fogha faoi na flaithis lena mbéalagus triallann a dteanga ar fud an talaimh.