2 Is leat a ghabhaimid buíochas, a Dhia;gabhaimid buíochas leat; agraímid d'ainmagus déanaimid d'éachtaí a fhógairt.
3 “An uair a shocróidh mé féintabharfaidh mé breith de réir an chirt.
4 Bíodh go gcorraítear an talamh agus a bhfuil annis mé a dhaingnigh a cholúin.
5 Deirim le lucht bladhmainn: ‘Scoirigí de bhur mbladhmann’;agus leis na hurchóidigh: ‘Ná maígí bhur neart,
6 ná déanaigí gaisce as bhur neart,ná labhraigí go dolba dána.”
7 Óir ní ón aird anoir ná aniar,ón bhfásach ná ón sliabh a thig an bhreith;
8 is é Dia féin an breitheamh;umhlaíonn sé nó ardaíonn sé de réir mar a oireann.