1 Don stiúrthóir. Dé réir Iduthun. Salm Ásáf.
2 Glaoim ar Dhia os ard;glaoim os ard i dtreo go n‑éistfidh sé.
3 Lorgaim an Tiarna in am mo bhuartha;Sínim mo lámha chuige gan sos ar feadh na hoíche,agus diúltaíonn m'anam don sólás.
4 Ligim osnadh is mé ag smaoineamh ar Dhia;ar mo mharana dom is lag liom mo mheanma. Selah
5 Baineann tú codladh na hoíche de mo shúile;ní fhéadaim labhairt le méad mo bhuartha.
6 Smaoiním ar na laethanta a d'imigh;is cuimhin liom na blianta fadó.