5 Baineann tú codladh na hoíche de mo shúile;ní fhéadaim labhairt le méad mo bhuartha.
6 Smaoiním ar na laethanta a d'imigh;is cuimhin liom na blianta fadó.
7 Déanaim machnamh i mo chroí de shiúl oíche;scrúdaím mé féin ó spiorad.
8 An dtabharfaidh an Tiarna tarcaisne dúinn i gcónaí;an ea nach mbeidh sé bámhar linn feasta?
9 An bhfuil deireadh go deo lena ghrá dúinn;an bhfuil a ghealltanas gan bhrí go brách?
10 Ar thug Dia a thrua i ndíchuimhne;ar bhuaigh an fhearg ar an taise aige? Selah
11 Dúirt mé: “Is é mo laigea mheas gur chlaochlaigh deaslámh an Té is Airde.”