1 Mascil Ásáf. 1 Éist, a phobal, le mo theagasc;claonaigí bhur gcluasa le briathra mo bhéil.
2 Osclóidh mé mo bhéal i samhlaoidíagus míneoidh mé rúndiamhra na seanaimsire.
3 Na nithe ba chlos dúinn agus ab eol dúinn féin,a d'inis ár n‑aithreacha dúinn,
4 nach cóir iad a cheilt ar a sliochtach a insint don ghlúin atá le teacht -Móréachtaí an Tiarna agus a chumhachtagus na míorúiltí móra a rinne sé
5 nuair a d'eisigh sé reachtanna do Iacób,nuair a bhunaigh sé dlí in Iosrael.D'ordaigh sé mar aithne dár n‑aithreachaan dlí seo a mhúineadh dá gclann