12 Rinne sé míorúiltí i bhfianaise a sinseari dtír na hÉigipte, ar mhachaire Zoan.
13 Roinn sé an mhuir is sheol sé trasna iad;chuir sé na huiscí ina seasamh ina mballa.
14 Threoraigh sé le néal iad de láagus le tine i gcaitheamh na hoíche.
15 Scoilt sé na carraigeacha san fhásach,mhúch sé a dtart le flúirse uisce
16 nuair a mheall sé sruthanna as an gcarraigis gur bhrúcht an t‑uisce ina thuilte.
17 Ach lean siad leo ag peacú ina éadan;thug siad dúshlán an Té is Airde san fhásach;
18 chuireadar cathú ar Dhia ina gcroí;d'iarr siad bia air d'fhonn a mianta a shásamh.