49 Lig sé amach orthu racht a fheirge,a chuthach agus a fhraoch agus a chonfa;slua de thimirí na tubaiste,
50 go ndearna sé slí dá dhíbheirg.Níor scaoil sé saor ón mbás iadach rinne sé a mbualadh leis an bplá.
51 Bhuail sé gach céadghin san Éigipt;céadthoradh a nirt i gcampa Hám.
52 Sheol sé a phobal mar chaoirigh,rinne a dtreorú mar thréad san fhásach.
53 Sheol sé slan iad gan eaglagur bádh a naimhde san fharraige.
54 Sheol sé isteach ina thír naofa iadchun an tsléibhe a bhuaigh a dheaslámh féin.
55 Chaith sé na ciníocha rompu amach,agus roinn sé an tír mar oidhreacht orthu;thug sé ar threibheanna Iosraelbaint fúthu ina mbothanna siúd.