62 Thug sé a phobal féin don chlaíomhle teann feirge in aghaidh a oidhreachta.
63 Dódh a n‑ógánaigh ina mbeatha;níor chuala a maighdeana laoi na bainise;
64 Thit a gcuid sagart leis an gclaíomh;agus ní dhearna a mbaintreacha a gcaoineadh.
65 Is ansin a dhúisigh an Tiarnamar dhuine a dhúisíonn as a chodladh,mar ghaiscíoch a bheadh ar meisce de dheasca fíona.
66 Bhuail sé a naimhde i ndiaidh a gcúilagus d'fhág sé faoi náire go deo iad.
67 Dhiúltaigh sé do bhoth Iósaefagus ní dhearna sé rogha de threibh Eafráim.
68 Ach rinne sé rogha de threibh Iúdá;Sliabh Shíón dár thug sé grá.