3 Cosnaígí an daibhir agus an dílleachta;déanaigí ceart don dealbh agus don dearóil.
4 Fuasclaígí a bhfuil faoi ansmacht agus ainnise;sabhálaigí ó láimh na n‑éagráifeach iad.”
5 Bíonn siad ag útamáil gan tuiscint sa dorchacht;agus fothaí na talún á mbogadh.
6 Is é rud a dúirt mé: “Is déithe sibh;clann an Té is Airde sibh uile.
7 Éagfaidh sibh, mar sin féin, ar nós daoine;agus titfidh sibh mar a thitfeadh prionsa ar bith.”
8 Éirigh, a Dhia! tabhair breith ar an talamh;óir is leat na ciníocha go léir.