3 Mhaith tú a gcoir do do phobalagus d'fholaigh tú a bpeacaí go léir.
4 Chuir tú cosc le d'fhearg ar fad;chuir tú suas de do chonfadh buile.
5 Cuir ar ais sinn, a Dhia ár Slanaitheoir;agus ná bí i bhfaltanas linn feasta.
6 An mbeidh tú i bhfeirg linn go brách,nach mbeidh deireadh go deo le do fhraoch?
7 Nach dtabharfaidh tú aiseag ár mbeatha dúinnchun go ndéanfaidh do phobal lúcháir ionat?
8 Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire,agus tabhair dúinn cúnamh do shlánaithe.
9 Éistfidh mé leis an Tiarna Diaóir labhróidh sé ar son na síochána -síocháin dá mhuintir agus dá fhíréin;agus don dream a d'iompaigh chuige ó chroí.