14 Is cumasach an chuisle atá agat, a Thiarna,is daingean do lámh, agus do dheaslámh crochta.
15 Cóir agus ceart atá mar bhonn do do ríchathaoir;gabhann buanghrá agus dílseacht romhat amach.
16 Is aoibhinn don phobal arb eol dóibh an gháir áthais;siúlann siad faoi sholas do ghnúise, a Thiarna.
17 Déanann siad gairdeas i d'ainm feadh an lae;agus déantar a móradh as ucht d'fhíréantachta.
18 Is tú, a Thiarna, dealramh a gcumhachta;agus is trí do chaoinchineáltas a ardaítear ár neart.
19 Óir is é an Tiarna is sciath dár gcosaint;agus is é Neach Naofa Iosrael is rí orainn.
20 Labhair tú tráth i bhfísá rá le do chairde naofa“Thug mé cabhair do ghaiscíoch;d'ardaigh mé fear tofa den phobal.