19 Óir is é an Tiarna is sciath dár gcosaint;agus is é Neach Naofa Iosrael is rí orainn.
20 Labhair tú tráth i bhfísá rá le do chairde naofa“Thug mé cabhair do ghaiscíoch;d'ardaigh mé fear tofa den phobal.
21 Fuair mé Dáiví, mo ghiolla;rinne mé a ungadh le m'ola naofa
22 d'fhonn go mbeadh mo lámh leis de shíor;agus go mbeadh mo chuisle ag neartú leis.
23 Ní mheallfaidh an namhaid go brách é,ná ní dhéanfaidh an t‑urchóideach foréigean air,
24 ach treascróidh mé a naimhde ina láthair;agus buailfidh mé lucht a fhuatha.
25 Beidh mo dhílse agus mo chineáltas ina fhochair;agus is i m'ainmse a ardófar a neart.