2 Canfaidh mé de shíor faoi do bhuanghrá, a Thiarna;fógróidh mé do dhílseacht ó ghlúin go glúin.
3 Óir is deimhin gur daingníodh do bhuanghrá go brách,agus shocraigh tú do dhílseacht chomh buan le neamh.
4 “Cheangail mé conradh,” [a dúirt tú,] “leis an té a roghnaigh mé;dhearbhaigh mé do Dháiví mo sheirbhíseach:
5 ‘Socróidh mé do shliocht go brách,agus bunóidh mé do ríchathaoir go deo.’ ”
6 Foilsíonn na flaithis do mhíorúiltí, a Thiarna;tá d'fhírinne á moladh ag comhthionól na naomh.
7 Óir cé is cosúil leis an Tiarna sna néalta,cé atá inchurtha le Dia ar shlua na bhflaitheas?
8 Is uafásach é Dia i gcomhchomhairle na naomh;is éachtach é agus is uamhnach thar a bhfuil ina thimpeall.