23 Ní mheallfaidh an namhaid go brách é,ná ní dhéanfaidh an t‑urchóideach foréigean air,
24 ach treascróidh mé a naimhde ina láthair;agus buailfidh mé lucht a fhuatha.
25 Beidh mo dhílse agus mo chineáltas ina fhochair;agus is i m'ainmse a ardófar a neart.
26 Leathfaidh mé a lámh os cionn na maraagus a dheaslámh os cionn na n‑aibhneacha.
27 Glaofaidh sé orm: ‘Is tú m'athair;is tú mo Dhia agus carraig mo shlánaithe.’
28 Ceapfaidh mé ina chéadghin mic é;an té is airde i measc ríthe na cruinne.
29 Coinneoidh mé mo chineáltas go deo dó;agus seasfaidh mo chonradh go daingean leis.