31 Má thréigeann a chlann mhac mo dhlí,mura siúlann siad de réir mo phroiceaptaí,
32 más amhlaidh a sháraíonn siad m'fhorálacha,nó más amhlaidh a bhriseann siad m'aitheanta,
33 agróidh mé a gcion orthu leis an tslat;agus agróidh mé a gcoir orthu leis an lasc,
34 ach ní bhainfidh mé mo bhuanghrá de go deo;ná ní rachaidh mé siar ar mo bhriathar.
35 Ní bhrisfidh mé mo chor ná mo cheangal;ná ní bhréagnóidh mé briathar mo bhéil.
36 Aon uair amháin a mhionnaigh mé;dar mo naofacht, nach ndéanfainn bréag le Dáiví.
37 Mairfidh a shliocht go brách;beidh a chathaoir mar an ngrian i m'fhianaise;