4 “Cheangail mé conradh,” [a dúirt tú,] “leis an té a roghnaigh mé;dhearbhaigh mé do Dháiví mo sheirbhíseach:
5 ‘Socróidh mé do shliocht go brách,agus bunóidh mé do ríchathaoir go deo.’ ”
6 Foilsíonn na flaithis do mhíorúiltí, a Thiarna;tá d'fhírinne á moladh ag comhthionól na naomh.
7 Óir cé is cosúil leis an Tiarna sna néalta,cé atá inchurtha le Dia ar shlua na bhflaitheas?
8 Is uafásach é Dia i gcomhchomhairle na naomh;is éachtach é agus is uamhnach thar a bhfuil ina thimpeall.
9 A Thiarna Dia na slua, cé is comhionann leat?Is cumhachtach tú, a Thiarna, agus do dhílseacht de gach leith díot.
10 Is agatsa atá ceannas ar fhraoch na farraige;is tú a chuireann cosc le tulca na dtonnta.