1 Téanam agus canaimis don Tiarna;déanaimis gairdeas do charraig ár slánaithe.
2 Druidimis ina láthair le haltú buíochais;déanaimis pléaráca do le hamhráin mholta.
3 Óir is Dia mór é go dearfa an Tiarna;is rí mór é os cionn na ndéithe go léir.
4 Is ina lámha atá duibheagáin na cruinne,agus is leis mar an gcéanna na hardsléibhte.
5 Is leis an fharraige, óir is é a chruthaigh í;agus is iad a lámha a dhealbhaigh an talamh tirim.
6 Téanam, go n‑adharfaimis agus go sléachtfaimis;feacam ár nglúine i láthair an Tiarna a chruthaigh sinn.
7 Óir is é ár nDia é, agus is sinnepobal a pháirce agus caoirigh a láimhe.