1 Salm. 1 Canaigí amhrán úr don Tiarna,óir rinne sé éachtaí.Le neart a dheasláimhe is a chuisle naofa,rug sé bua dó féin.
2 D'fhoilsigh an Tiarna a shlánú;nocht sé a fhíréantacht do na náisiúin.
3 Chuimhnigh sé ar a bhuanghrá agus a dhílsedo theaghlach Iosrael.Chonaic críocha uile na cruinneslánú ár nDé.
4 Gairdigí sa Tiarna a thíortha uile,agus nochtaigí bhur n‑áthas dó.
5 Canaigí Salm don Tiarna leis an gcruitagus le fuaim na cláirsí.